|
Ingrid Betancourt |
|
Scéal beatha Ingrid Betancourt. 1961: Rughadh Ingrid i mBogota. Bhi a hathair ina Aire Oideachais dhá uair sa Cholóim agus ansin ceapadh é mar Ambasadóir do UNESCO í bPáras. Phós si Francach a bhi ag obair sa Seirbhís Diplómaitiúl. Rugadh beirt clainne dóibh. Bhain Ingrid Céim sa Pholaitíocht I bPáras. 1990 D'fhill sí ar an Cholóim. 1994 Toghadh í mar Teachta Dála. Labhair sí amach i gcoinne lucht na ndrugaí, na bpolaiteóirí 'lofa' agus ar son na mboicht. Bhunaigh sí Páirtí Nua darb ainm 'Oxygene'. Tá suim aicí í gcúrsai 'glasa' freisin. Le déanaí tógadh ainm nua 'OxygeneVerde' ar an bpáirte. 1998 Toghadh í mar Seanadóir. 2001 Scríobh sí scéal a beatha í Fhraincís : 'La Rage au Coeur' (le fáil í mBéarla ó Amazon.com. :teideal 'Until Death Do Us Part' ) 2002, Feabhra 20ú Bhris Uactarán na Colóime PASTRAMA Conradh a bhí déanta idir é féin agus FARC, ceann de na grupai chogaidh atá sa tír sin. Thuig Ingrid nach feidir briseadh an Chonraidh a sheachaint agus bhí si buartha faoi na daoine áitiúla a bhí sna ceanntair sin. Ghabh Airm na Colóime taillte arais ón ngrúpa FARC. Maraíodh daoine agus ghabhadh na céadtha (deirtear) mar bhí (agus tá)an tír céasadh ag na grúpai seo agus freisin ag an 'paramilitaries' . Deirtear go bhfuil tacaíocht á fháil ag na 'paramilitaries' ó Airm na Colóime féin. 2002, Feabhra 23ú Chuaigh Ingrid agus a stuirthóir toghcánach, Clara Rojas, go San Vicente in aghaidh foláreamh lucht slándála, Chuaigh siad ann chun tacaíocht a thabhairt do Maor an bhaile sin. Ghabhadh an beirt. 2002 Márta 24ú Fuair athair Ingrid bás. Iarradh ar FARC saoirse a thabhairt d'Ingrid ach ní raibh lucht FARC toilteanach é sin a dhéanadh. Thosaigh Seanadóir Francach, Hubert Durand-Chastel feachtas faoi leith, sé sin: 'Saoirse na Cathrach/Baile' a bhronnadh ar Ingrid de bharr na coimhlinte a rinne sí ar son a tire féin agus ar son na ndaoine Faoi láthair bhronn303 Comhairle Contae/Cathrach/Baile an gradam seo ar Ingrid. Saoirse siombalach is ea é. Toisc go bhfuil breis is 3000 daoine fuadhaithe/ar iarraidh sa tír sin is é feidhm an fheachtais an gradam seo a fháil ó breis is 3000 comhairlí ar fud na hEorpa. Tá 200 Coiste bunaithe anois í 26 tír. Tá a hiníon Melanie (17)agus a mac Lorenzo(13) ina gcónai lena n-athair. Tá Ingrid scartha on a fear chéile le cúpla bliain anois agus tá sí pósta arís sa Cholóim Sar a fuadaíodh ni raibh beagán seans aici a páistí a fheiceáil ach amháin i rith na laethanta saoire. 10ú Meithimh 2002. Bhronn Comhairle Chontae Bhaile Atha Chliath Theas stádus saoránaigh onóraigh ar Ingrid. 29ú Iúil 2002. D'aontaigh Comhairle Chontae Ros Chomain le rún a cuireadh faoin a bhraid ag moladh oibre agus chrogachta Ingrid. 17ú Deireadh Fomhair 2002. Bhronn Comhairle Bhaile Bhricín saorantacht onórach ar Ingrid. 9ú Nollaig 2002. D'aontaigh Comhairle Chontae Fhine Gall le moladh tacaíochta. Sínigh an achaini in ómos do chrogacht Ingrid agus na daoine eile gafa ag na forsai armtha sa Cholóim.. Tuilleadh Eolais Le gach deá guí Is mise. Anne B.O'Connell |
|
|